Ag fáil go Oileán Thoraí
Ó Leitir Ceanainn: ag dul i dtreo an iarthuaiscirt: Lean comharthaí an N56 ar feadh Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Díreach tar éis duit Gort a’ choirce a fhágáil, déan cinnte an forc ceart a thógáil don R275 go Machaire Rabhartaigh - tá an forc sa bhóthair díreach taobh amuigh den bhaile (200m) tar éis an gharáiste deireanach ar chlé. Lean na comharthaí do Shlí an Atlantaigh Fhiáin go dtí go sroicheann tú Machaire Rabhartaigh (3km), ansin téigh ar dheis síos an fána go dtí an ché.
Ó Ghaoth Dobhair agus an Chlochán Liath: ag dul i dtreo an oirthuaiscirt: Lean an N56 go dtí an acomhal díreach roimh Ghort a’ Choirce, gabh ar chlé fá choinne an R275 go Machaire Rabhartaigh, lean ort ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin go dtí go sroicheann tú Machaire Rabhartaigh (3km) - Lean an comhartha ag pointeáil síos go dtí an ché, cas ar dheis síos an fána go trá Mhachaire Rabhartaigh (ar thaobh do láimhe deise, agus an ché romhat). - Tá siopa surfála Narossa agus na leithris phoiblí ar do thaobh clé ag bun an bhealaigh.
- Tá páirceáil phoiblí ar fáil sa limistéar páirceála ag an trá ar thaobh do láimhe deise.
- Agus tú ag taisteal i gcarr, tógann sé thart ar uair a chloig. Moltar teacht 30 bomaite roimh am imeachta an bháid farantóireachta. Tá 5 go 10 bomaite siúil i gceist síos an ché.
- Déan staidéar ar na léarscáileanna a thaispeántar - taispeánann siad bealach an N56 go Gort a’ Choirce, agus an bóthar ó Ghort a’ Choirce go Machaire Rabhartaigh.