07491-35502

|

ccthorai@gmail.com

Bearla

Toraigh - Faisnéis do chuairteoirí

Lóistín Siopadóireacht Éigeandáil Turasóireacht

Cuireann Oileán Thoraí roinnt seirbhísí poiblí agus seirbhísí eile ar fáil - ina measc seo tá:



ToryMap

Cliceáil chun faisnéis do chuairteoirí a íoslódáil
Cliceál chun Léarscáil Chuairteoirí a íoslódáil
ToryVisitor

Lóistín ar Oileán Thoraí

Óstán, AirBnB, B&B


Tá líon teoranta soláthraithe lóistín i dToraigh - roinnt sonraí agus eolas teagmhála sa liosta thíos.


Óstán Thorai: Is óstán 12 leaba, 3 réalta é. Áirithintí: teileafón 074 290 0004


Árasán Bhalor: Árasán glanscartha, do 4 dhuine. Áirithintí: teileafón 083 896 0550


ToryAccomodation

An Siopa agus Oifig an Phoist

Tá an Siopa agus Oifig an Phoist suite 300m ar chlé agus tú ag fágáil an ché. Tá raon leathan bia agus deochanna ar fáil ann, agus roinnt earraí cuimhneachán de chuid Thoraí atá lámhdhéanta ar an Oileán. Seachadann an siopa gual chuig tithe Dé Céadaoin fosta. Os comhair an tsiopa tá binsí picnice agus roinnt suíochán ag amharc amach ar an chuan.


Soláthraíonn oifig an phoist raon iomlán de sheirbhísí An Post agus is féidir úsáid abhaint as seirbhísí cártaí Bhanc na hÉireann.


Uaireanta oscailte siopa: Luan go Satharn 9.00am-6:00pm, Dé Domhnaigh 11am-2:00pm


Uaireanta oscailte oifig an phoist: Luan - Aoine 9.00am-5:30pm, Dé Sathairn 9:00am-1:00pm


Siopa: teileafón 074 916 5828



ToryShop

Seirbhísí Sláinte agus Éigeandála

Health, Fire, Coastal, Rescue, First Responder


Mar gheall ar mhéid atá i gceist le cónaí ar Oileán, agus na dúshláin uathúla a bhaineann le suíomh Oileán Thoraí, cuireann an Comharchumann i dteannta a chomhpháirtithe stáit sláinte den chéad scoth, cúram pearsanta agus raon seirbhísí éigeandála/tarrthála ar fáil.


Feidhmíonn an tseirbhís altra 24 uair an lae, 365 lá na bliana amach as Ionad lae Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus déantar cuairteanna baile agus tá tacaíocht chógaisíochta ar fáil. Tá cuairt Dochtúra uair sa choicís ann agus cuireann sin leis an tseirbhís altranais. Soláthraíonn an FSS béilí ar rothaí do phinsinéirí anOileán - tacaíonn an tSeirbhís Garda Cósta áitiúil leis an seachadadh. Cuimsíonn an t-ionad FSS an t-ionad folláine pearsanta.


Soláthraíonn an Comharchumann agus a chomhpháirtithe raon de sheirbhísí éigeandála/sábháilteachta lena n-áirítear: an tSeirbhís Dóiteáin áitiúil, an Garda Cósta, agus Foirne Otharcharranna/Céadfhreagróirí. Ag obair taobh le seirbhísí Tarrthála Aer-Farraige an Stáit agus an RNLI, tá seirbhís chomhtháite éigeandála agus cúraim ar fáil ar Thoraigh.


Seo a leanas liosta d’uimhreacha tábhachtacha:


Altra an Oileáin: 086 805 2505/074 913 5504


An Dr Delap: 074 953 2445 An Dr O'Neill: 074 953 2334


Seirbhísí Turasóireachta agus Cuairteoirí

Toilets, Food, Guided tours, Maps & Information


Cuireann an Chomharchumann roinnt seirbhísí do chuairteoirí ar fáil. Ina measc seo tá na Leithris Poiblí (atá in aice le hoifig an Oifigigh Pleanála Teanga), suíocháin éagsúla agus binsí, boscaí bruscair, agus boird phicnic lonnaithe ar fud an Oileáin. Ina theannta sin, déanann an Comharchumann cothabháil ar na bóithre, cosáin agus comharthaíocht phoiblí ar Thoraigh.


Cuireann Club Thoraí (Club Sóisialta Thoraí) bia agus deoch ar fáil i rith na bliana. Tá an Club suite timpeall 500m ón ché - ag barr an ché, cas ar chlé agus bain sult as fuaimeanna agus radharcanna Thoraí ar an siúlóid go dtí an Club, thart ar 5 nóiméad. Eagraíonn an Club coirmcheoil agus ceol tradisiúnta le linn an tSamhraidh - tar fá choinne an bia agus an deoch, fan fá choinne an chraic!


Foilsíonn an Comharchumann eolais a bhaineann leis an Oileán do chuairteoirí - is féidir na léarscáileanna agus na leabhair seo a fháil sa siopa, agus in oifigí an Chomharchumainn agus OPT.


Is féidir le cuairteoirí leas a bhaint as an mbus áitiúil/tacsaí. Cuir glaoch ar: 086 4008233


* Bíodh meas agat ar Thoraigh le do thoil - cuir sna boscaí bruscair nó tóg leat aon bhruscair nuair a fhágann tú an t-oileán.


* Bí cúramach agus tú ag siúl in aice leis na beanna mar nach bhfuil aon chosaint ann do shiúlóirí.


Foilseacháin


ToryPub02 ToryPub02

Logo

Comharchumann Thoraí Teo

Príomh naisc ar an suíomh


Sonraí Teagmhála Tábhachtacha



Comharchumann Thoraí Teo


Glaoigh orainn: 07491-35502
Seol Rphost chugainn: ccthorai@gmail.com
Oscailte: 10am-5pm (Dé Luain-Dé Aoine)

© Comharchumann Thoraí Teo 2020-2022