07491-35502

|

ccthorai@gmail.com

Bearla

Fáilte go Oileán Thoraí

(Toraigh)

Tá cónaí ar Thoraigh leis na mílte bliain agus tá stair agus miotaseolaíocht fite fuaite leis, le Balor na Súile Nimhe, lonnaíocht mhainistreach Cholmcille agus Báidín Fheilimí.

Tháinig an t-oileán trí chéadta bliain de chreachadóireacht foghlaí mara, cánachas ioncaim na bPéindlíthe, agus bagairt dídhaonrú. Tá muintir Thoraí ábalta brath orthu féin, tá siad seasmhach agus is iomaí stoirm a sheas siad in éadan agus a tháinig amach ar an taobh eile de.

Sa lá atá inniu ann, tá pobal rathúil i dToraigh. Tá sé déanta suas de mhúinteoirí, ealaíontóirí, mairnéalaigh agus lucht báid, daoine deaslámhacha, tógálaithe, chaomhnóirí, amhránaithe, taibheoirí agus cheoltóirí - tá an daonra ag fás.

Beidh an t-idirlín agus cianobair, agus forbairt leanúnach an tionscail turasóireachta mar bhonn taca le cobhsaíocht daonra an oileáin. Oibreoidh an tÚdarás agus an Oifigeach Pleanála Teanga i gcomhair le cleachtais oibre atá ag athrú chun fostaíocht a fhorbairt, agus chun tacú le hoidhreacht shaibhir theangeolaíoch agus chultúrtha Oileán Thoraí agus í a chosaint.

Tá Toraigh ar thairseach de ré úr a chiallaíonn go mbeidh Oileán Thoraí ann ar feadh cúpla mílaois eile.

Turas thart ar Oileán Thoraí Braith eispéireas Oileán Thoraí
Tory
Tory
Logo

Comharchumann Thoraí Teo

Príomh naisc ar an suíomh


Sonraí Teagmhála Tábhachtacha



Comharchumann Thoraí Teo


Glaoigh orainn: 07491-35502
Seol Rphost chugainn: ccthorai@gmail.com
Oscailte: 10am-5pm (Dé Luain-Dé Aoine)

© Comharchumann Thoraí Teo 2020-2022