Toraigh (Tory Island )
Toraigh (phon. 'Torry') Tá Oileán Thoraí suite san Atlantach Thuaidh agus tá sé beagnach 14km amach ó chósta thiar thuaidh de Chontae Dhún na nGall.
Tá an t-oileán trí mhíle (5km) ar fhad, ag an phointe is leithne tá sé trí cheathrú míle (1km) ar leithead.
Tá Oileán Thoraí mar Phointe Fionnachtana ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus tá sé ainmnithe mar Limistéar faoi Chosaint Speisialta (LCS) ag na Seirbhísí
Páirceanna Náisiúnta & Fiadhúlra.
Is Toraigh, an oileán is iargúlta amach ón gcósta ina bhfuil cónaí air in Éirinn, Is cuid de Ghaeltacht Chontae Dhún na nGall é, áit a bhfuil céad teanga an
phobail i measc an dlúis is airde de chainteoirí dúchais Gaelacha in Éirinn.
Tá cónaí ar an oileán leis na mílte bliain agus tá radharcanna áille an áit a bhfuil na haillte arda ar an chosta thuaidh. Tugann an tírdhreach thuaidh
foscadh do cheantair ísealchríche theas ina bhfuil pobail an oileáin ina gcónaí sa Bhaile Thiar agus sa Bhaile Thoir. Tá Teach Solais Thoraí ar an taobh
thiar den oileán - tógadh é sa bhliain 1832, agus ar an taobh thoir tá áilleacht nádúrtha an Tór Mór.
Faigh amach faoi Oileán Thoraí...“The bewitching granite kaleidoscope...”
Kevin Connolly, BBC Ireland.
Daonra Oileán Thoraí
Tá daonra Thoraigh ag meath le cúpla céad bliain anuas, ó bhuaicphointe de 400 cónaitheoir i lár an naoú haois déag, go íosphointe de 119 sa bhliain 1991. Sa bhliain 1984, bhí breis is 50 oileánach tar éis Oileán Thoraí a fhágáil le cur fúthu go buan ar an Tír Mór.
Thaifead daonáireamh 1981 daonra de 208, cúig bliana ina dhiaidh sin, d’aisghabh daonáireamh 1986 daonra de 136 – bhí an t-oileán ag cailleadh daonra.
Ó íosphointe na bliana 1991, tá forbairtí éagsúla tar éis cabhrú le figiúirí daonra an oileáin a chobhsú agus a chothú. Chuir gnéithe eagsúla le tacú le timpeallacht mhaireachtála níos cobhsaí ar Thoraigh. Is iad sin; an ché úr, an mheánscoil,
an t-óstán, an ionad sláinte úr, agus fóntais fheabhsaithe infreastruchtúir: bóithre, cumhacht, seirbhísí uisce agus iompair (farantóireachta agus héileacaptar).
Taifeadadh figiúr de 142 cónaitheoir i ndaonáireamh 2006, ach, sa lá atá inniu ann, tá daonra Oileán Thoraí níos mó ná 145. Cé go bhfuil go leor deacrachtaí fós ann, tá bunús ann le haghaidh stíl mhaireachtála níos éasca agus níos inbhuanaithe.
Sa bhliain 2022, tá comhdhéanamh déimeagrafach Thoraí ag athrú.
Toraigh Inniu
Stair Oileán Thoraí
Thángthas ar dolmain neoiliteach sa 19ú hAois, rud a léiríonn go bhfuil cónaí ar Thoraigh ó bhí thart ar 2,500 bliain R.Ch.
Neartaíonn línte cloiche agus carn ón Chréumha, mar aon le fianaise eile, an scéal go raibh gníomhaíocht/daoine agus lonnaíochtaí ann ó 2,000 R.Ch. - 500 R.Ch.
Léiríonn an dún ceann tíre ag Dún Bhaloir go raibh gníomhaíocht Iarannaoise ar an Oileán (2ú/3ú haois R.Ch.). Sa bhliain 2018, tháinig foireann a bhí ar
cuairt ó Ollscoil Osló ar fhianaise go raibh an dara dún ceann tíre ar an Oileán.
Sa 6ú hAois AD, bhunaigh Naomh Colmcille a mhainistir ar Thoraigh. Tógadh Cloigtheach Thoraí ar shuíomh na mainistreach sa 6ú haois, agus meastar gur ón 12ú haois AD a tógadh Crois Tau an Oileáin.
Áiteanna Suimiúla a bhfuil baint acu le Stair Oileán Thoraí
Tíreolaíocht Oileán Thoraí
* Tá Oileán Thoraí suite beagnach 14km amach ó chósta thiar thuaidh Chontae Dhún na nGall.
* Tá Oileán Thoraí thart ar 5 km (3 mhíle) ar fhad agus 1 km (5/8 míle) ar leithead.
* Is é achar Oileán Thoraigh ná 3.5816 km cearnach (1.3829 míle cearnach).
* Tá Oileán Thoraí suite i gcearnóg B den chóras Tagraíochta Eangaí Náisiúnta ag B853466.
* Ardphointí Oileán Thoraigh: Tor Mór (83m), Morad (59m), Mernaid (52m).
* Ar an taobh thiar den oileán tá Teach Solais Thoraí, agus ar an taobh Thoir an Tor Mór
* Is cruth ding ag Oileán Thoraí, ag éirí ó leibhéal na farraige sa Deisceart go dtí na talamh ard ag na beanna ó Thuaidh.
* Tá príomhbhóthar amháin ar Oileán Thoraí ag ceangal Teach an tSolais (Thiar) le Port a Dúin (Thoir).
* Tá trí chuan ar Oileán Thoraí: An Baile Thiar, Port a Dúin (Thoir) agus Poirtín Ghlais (Iarthuaisceart).