Taisteal go Oileán Thoraí
Tá Oileán Thoraí suite san Atlantach Thuaidh agus beagnach 14 km amach ó chósta thiar thuaidh Chontae Dhún na nGall.
Is Seirbhís Farantóireachta Thoraí an tseirbhís oifigiúil farantóireachta paisinéirí agus earraí atá ag Oileán Thoraí. Cuireann sé seirbhís laethúil ar fáil ó cheann ceann na bliana. Déanann an bád farantóireachta paisinéirí agus lasta a iompar ar sceideal rialta laethúil. Fágann an bád farantóireachta ó ché Mhachaire Rabhartaigh agus is turas 55 bomaite é go Toraigh.
Déanann an tSeirbhís Héileacaptair (Geimhreadh / Earrach)paisinéirí a iompar ón Fhál Carrach go Toraigh agus ritheann sé ar chlár ama foilsithe.